Tuarascáil ar Chuntais na Seirbhísí Poiblí, 2012
D’eisigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a Thuarascáil ar Sheirbhísí Poiblí don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2012.
Déileáiltear leis an méid seo sa tuarascáil
- aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú mar gheall ar mo chuid iniúchtaí ar na cuntais leithreasa arna n-ullmhú ag na hOifigigh Chuntasaíochta de chuid ranna agus oifigí an rialtais maidir leis na leithreasaí arna vótáil ag Dáil Éireann don bhliain airgeadais roimhe sin
aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú ag eascairt as mo chuid imscrúduithe ar na rialuithe inmheánacha airgeadais atá á bhfeidhmiú ag ranna agus ag oifigí rialtais (sa bhliain airgeadais reatha nó roimhe) d’fhonn rialtacht a n-idirbheart airgeadais a chinntiú, cruinneas a gcuid íocaíochtaí agus fáltas, iontaofacht agus iomláine a gcuid taifid chuntasaíochta agus cosaint na sócmhainní atá faoina n-úinéireacht agus rialaithe acu
- torthaí na n-imscrúduithe a rinne mé ar na cuntais ar an ioncam ar fad a bhailíonn na Coimisinéirí Ioncaim – áirítear leis na himscrúduithe sin measúnú ar cibé acu an bhfuil na cuntais iomlán agus cruinn, agus cibé acu an bhfuil córais, nósanna imeachta agus cleachtais curtha ar bun agus i bhfeidhm ag na Coimisinéirí Ioncaim, atá leordhóthanach chun seiceáil éifeachtach a dhéanamh ar mheasúnú, bailiú agus leithdháileadh ceart an ioncaim.
Tá na caibidlí aonair sa tuarascáil ar fáil thíos
Toradh Airgeadais an Státchiste do 2012
Fiachas Rialtais
Gealltanais Airgeadais faoi Chomhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí
Cuntasaíocht Vótaí
Bainistiú Buiséid Vóta
Socrú Babhtála Talún i Soláthar Tithíochta Inacmhainne
Bainistiú Chóras na bhFógraí Muirear Seasta
Bainistiú Ceamaraí Sábháilteachta Seachfhoinsithe
Tionscadal Tógála Sheirbhís Paiteolaíochta an Stáit
Maoiniú an Rialtais Láir d'Údaráis Áitiúla
Costais Feabhsúcháin Talún
Bainistíocht Conartha i dTionscadail Oideachais CPP
Cúnamh Forbartha Oifigiúil
Iarmhéideanna Airgid Thirim san Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre
Ceapacháin Foirne i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann
Caiteachas ar Scéimeanna Leasa agus Fostaíochta
Rialtacht Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh
Fiacha Ró-íocaíochta Leasa
Liúntas Cúraim Baile
Pinsean Easláine
Bainistiú Buiséid i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Incháilitheacht do Chártaí Leighis
Bailiú Ioncaim
Fiachas na gCoimisinéirí Ioncaim a Bhainistiú
Comhlíonadh Cáiníocóirí
Caillteanais Chánach Corparáide
Socraíochtaí Iniúchta Cánach
Cuntais Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta
Scéim Slánaíochta Cliniciúil